Eolas

Stair agus bunús an tAonaid um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU)

Faoi Alt 18 den Acht Oideachais, 1998, ceanglaítear ar Bhord Bainistíochta scoile cuntais a choimeád ar an ioncam agus ar an gcaiteachas go léir. Ceanglaítear freisin ar an mBord a chinntiú go ndéanfar na cuntais a iniúchadh nó a dheimhniú de réir an chleachtais cuntasaíochta is fearr.

Ina theannta sin, ceanglaítear san alt seo ar an mBord na cuntais a bhaineann le maoiniú Stáit agus maoiniú eile a chur ar fáil lena n‑iniúchadh ag an Aire agus ag tuismitheoirí daltaí sa scoil sin.

Chun an fheidhm sin a chomhlíonadh, chuir an Roinn Oideachais an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) ar bun faoi Chiorclán M36-05 i mí Mheán Fómhair 2004 faoi choimirce Chomhchoiste na mBainisteoirí (JMB). Tá an tAonad maoinithe go hiomlán ag an Roinn, agus tá an fhreagracht air cabhrú leis na scoileanna go léir san earnáil dheonach a ndualgais maidir le cuntasacht agus trédhearcacht airgeadais a chomhlíonadh.

Tá sé iarrtha ag an Roinn ar an Aonad na seirbhísí sin a leathnú amach chun bunscoileanna a chuimsiú agus rannóg a chur ar bun chun tacú le lucht bainistíochta breis is 3,200 bunscoil in Éirinn.

Ár Ráiteas Misin

“Meicníocht tacaíochta ar mhaithe le húdaráis bhainistíochta in earnáil na mbunscoileanna is ea an tAonad um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) a chabhraíonn leo forálacha an Achta Oideachais, 1998, a chomhlíonadh maidir le trédhearcacht, cuntasacht agus freagracht airgeadais ó thaobh maoiniú Stáit agus maoiniú eile de.”

Seirbhísí

Tá de fhreagracht ar an Aonad creat a chur ar bun maidir le bainistíocht, cuntasacht agus rialú airgeadais le haghaidh na scoileanna go léir in earnáil na mbunscoileanna.